Stair Naomh Iosáf, Bhaile Crann

Is é CLG Naomh Iosáf, Baile Crann an chlub i bParóiste Ard Caoin. Bunaíodh sa bhliain 1939 ag Hugh Gilmore, Pat Hamilton agus Máistir Frank McKenna le iománaíocht a chuir ar fail do na páiste óga agus fír an Pharóiste. Roghnaigh na dathanna – dubh agus ómra – i gcuimhne ar chara Máistir McKenna, Lory Meagher as Cill Chainnaigh.

1939-1949

D’imir Baile Crann a chead cluiche sa bhliain 1939 in éadan Baile Mhic Uileagoid agus bhain muid leis an scór 2-0 i gcóinne 0-0. Sa chéad bhlian, ní raibh súil ar bith ag an fhoireann bheith ag baint, ach chríochnaigh an fhoireann le 7 cluchí baint amach, comh-scór amháin agus chaill siad cluiche amháin. Bhain siad áit amach i gcluiche ceannais na hArda ach chaill Baile Crann in éadan Éire Óg le dhá chuilín.

Thosaigh Baile Crann ag fás i ndiaidh an chéad sraith iontach seo agus d’fhás an CLG tríd an Pharóiste. Chríochnaigh an fhoireann sa dara háit i sraith na hArda sna blianta 1940 agus 1941. Chuir an fhoireann isteach ar sraith An Dúin i 1941 agus bhain siad áit amach i gcluiche ceannais craobh na sóisear An Dúin ach chaill siad in éadan Clanvaraghan.

Bhain Baile Crann a gcéad sraith na hArda sa bhliain 1942 agus bhain siad an comórtas aris in 1943, 1944 agus 1945. Sa bhliain 1947, d’imir Baile Crann i sraith An Dúin Theas agus bhain siad an comórtas. Chaill an fhoireann cluiche ceannais craobh na sinsear An Dúin in éadan Baile Aileach. Mar sin féin, tháinig tobréiteach mhór don chlub mar gur bhain siad Craobh Sinsear Iománaíochta An Dúin don chéad uair riamh.

1950-1959

Bhí foireann an-láidir ag Baile Crann anois agus chuir na foirne eile sa chondae meas mhór orthu. Sa bhlian 1953, bhain siad Craobh Sinsear Iománaíochta An Dúin aris in éadan Baile Aileach. Chomh maith leis sin, bhain an fhoireann a chéad comórtas sa Feis agus bhí imreoir acu ar fhoireann Uladh- Davy Bell. Bhain Baile Crann Craobh Sinsear Iománaíochta An Dúin aris sa bhlian 1957 agus d’imir Hugo O’Prey le foireann Uladh i ndiaidh bliain den chéad scoth leis an chlub agus condae.

Sa bhlian 1958, bhí Baile Crann in ann dara foireann a chur isteach ar sraith B agus bhain an fhoireann an sraith an bhlian ceanna. Bhain siad craobh sóisear in 1959. Chomh maith leis sin, chuir an chlub isteach ar sraith Aontroima don chéad uair agus tá siad ag imirt fós insan sraith sin.

1960-1969

Bhí bliain stairiúil ag Baile Crann in 1960 mar gur éirigh siad an chéad chlub a bhain craobh sinsear agus mionúr sa bhliain ceanna. Bhain siad Craobh Sinsear Iománaíochta An Dúin aris in 1961. Bhí foireann peile ag Baile Crann ag an am ceanna agus bhí siad ag imirt ag leibhéal sóisear. Ar an drochuair, chaill an fhoireann peile cluiche ceannais na sóisear. Sa bhliain 1964, bhain foireann An Dúin Craobh Sóisear na hÉireann le 5 imreoirí as Baile Crann ag imirt. Bá é seo an chéad rath don fhoireann ag leibhéal náisiúnta.

Bhí noimead mhór don chlub i Meitheamh 1966 mar gur oscail muid Pairc Mhic Cionaith. Cé nar bhain Baile Crann Craobh Sinsear Iománaíochta An Dúin an bhliain ceanna, bhain muid sraith Aontroima don chéad uair riamh. Bhain na foirne sóisear agus mionúr a gcraobh féin in 1966. Fuair Baile Crann Craobh Sinsear Iománaíochta An Dúin ar ais in 1967.

Sa bhliain 1968, bhain An Dúin craobh mionúr na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh le Jimmy Hughes mar captaen na foirne in éadan Cill Dara. Bhain foireann na mionúr Bhaile Crann Craobh na mionúr An Dúin dhá bhliain ina dhiaidh a chéile.

Bhunaigh Baile Crann a gcéad foireann Camogaíochta sa bhliain 1961 agus in 1967 bhain siad a gcéad sraith agus Craobh Sinsear Camogaíochta An Dúin. Bhain siad an Craobh arís in 1969.

1970-1979

D’éirigh Baile Crann níos láidre nuair a thosaigh na 1970ú agus sa bhliain 1972 bhí Craobh Sinsear Iománaíochta An Dúin ar aís i mBaile Crann. Sa bhliain ceanna, d’imir Baile Crann i gcraobh Uladh don chéad uair riamh. Ar an drochuair, chaill muid in éadan foireann láidir as Rossa. Bhain Baile Crann sraith An Dúin sé uair i ndiaidh a chéile idir 1972 agus 1977. D’éirigh an fhoireann peile an chéad fhoireann as na hArda a bhain Craobh An Dúin sa bhliain 1972. Bhí bliain mhór ag Baile Crann in 1974. Bhain muid Craobh Sinsear Iománaíochta An Dúin in éadan Port an Pheire agus d’imir muid cluiche leath-cheannais Uladh in éadan Cumann Iomanaíochta Chaomhín Uí Loingsigh. Bhain muid an cluiche leath-cheannais agus chuaigh muid tríd fá choinne an cluiche ceannais a imirt in éadan Paidraíg Saírséil. Ní rabhthas ag tabhairt aon seans do Bhaile Crann ach bhain siad an cluiche 3-5 in éadan 3-2. D’éirigh Baile Crann an chéad fhoireann An Dúin Craobh Uladh a bhaint amach. Chaill muid Craobh Sinsear Iománaíochta An Dúin in éadan Baile Mhic Uileagoid sa bhliain 1975 ach bhain muid é ar aís in 1976. Bhí comhscór idir Baile Crann agus Port an Pheire in 1976 ach bhain muid an athimirt. Sa Chraobh Uladh, bhain muid in éadan Cú Chullains as Ard Mhacha sa chluiche leath cheannais agus bhí cluiche ceannais againn in éadan Rossa as Bhéal Feirste. Bhain muid le cúilín amháin. Ar an drochuair, chaill muid cluiche leath-cheannais na hÉireann in éadan Camros as Condae Laois. Choinnigh Baile Crann Craobh Sinsear Iománaíochta An Dúin sa bhliain 1977 ach chaill muid in éadan Port an Pheire in 1978. Chríochnaigh muid an deich mbliain go hiontach maith le bua eile i gCraobh Sinsear Iománaíochta An Dúin.

1980-1989

Thosaigh an fhoireann Iománaíochta na 80ú mar gur chríochnaigh siad na 70ú, mar seaimpíní An Dúin. Bhain Port an Pheire agus Baile Mhic Uileagoid an craobh sna blianta 81,82 agus 83 ach bhain muid é ar ais sa bhlian 1984. Bhain an fhoireann faoi 14 Féile na nGael An Dúin agus d’imir siad ar son na Condae sa Fhéile na hEireann. Bhain Baile Crann 4 Craobh Sinsear Iománaíochta An Dúin i ndiaidh a chéile ach chuir Port an Pheire deireadh le sin sa bhlian 1988.

Bhí 50ú cuimhneachán ag an Chlub sa bhliain 1989 agus bhí comortas ann idir Oulart (Loch Garman), Camross (Laois), Baile Mhic Uileagoid agus Baile Crann. Bhí rath ar Baile Crann sa chéad 50 bliain ach bhí níos mó rath ag teacht.

1990-1999

Bhí bliain mhór ag Baile Crann sa bhliain 1993. Bhain muid Craobh Sinsear Iománaíochta An Dúin in éadan Baile Mhic Uileagoid agus bhain muid an Chluiche leath-ceannais Uladh. Chuaigh muid tríd go dtí an cluiche ceannais in éadan Ruairí Óg, Bun Abhan Dalla. Bhain Baile Crann an chluiche 2-10 in éadan 0-12. Bhain muid Craobh Sinsear Iománaíochta An Dúin aris sna blianta 1994 agus 1995. Ní bhfuair muid Craobh Sinsear Iománaíochta An Dúin ar ais go dtí 2007.

Bhí rath ar na foirne óige agus bhí Baile Crann ag togadh do na blianta le teacht, bhí súil ag an chlub go raibh rudaí maithe ag teacht sa mílaois úr.

2000-2009

Ní raibh rath ar na foirne sinsear ag tús an mílaois úr, ach bhain na gasraí agus na cailiní comortas faoi 16 agus mionúr. Bhain foirne faoi 14 Féile An Dúin, Uladh agus Uile Éireann san iomáint agus camógaíocht. Chuaigh na foirne go dtí An Mhí agus An Iarmhí sa bhlian 2003. D’imir na gasraí in éadan Eoghan Rua, Na Fianna as Ard Mhacha agus bhain siad cluiche ceannais na hÉireann.

Sa bhlian 2006, chuaigh na foirne go Corcaigh faoi choinne an Féile a imirt. Cháiligh an fhoireann Camógaíochta don chluiche ceannais i bPáirc Uí Rinn. D’imir siad in éadan Naomh Colm, Baile na Scríne as Doire agus bhain siad le cúilín amháin.

Sa bhlian 2007, bhain Baile Crann a chéad Craobh Sinsear Iománaíochta An Dúin ó 1995. Bhain an fhoireann Camógaíochta a céad Craobh Sinsear ó 1969 sa bhliain 2008. Bhain muid Craobh Sinsear Iománaíochta An Dúin aris sa bhliain 2009 in éadan Baile Mhic Uileagoid i nDún Padraig.

2010-Am i láthair

Bhain an fhoireann Camógaíochta Craobh Sinsear sna blianta 2011 agus 2012. Sa chluiche leath-ceannais Uladh, bhain siad in éadan Ceide Micheal Mac Dubhuirs. Anois, bhí orthu imirt in éadan An Eaglais as Tír Eoghain sa chluiche ceannais. D’éirigh an fhoireann seo an chéad foireann Camógaíochta as Baile Crann Craobh Uladh a bhaint amach. Bhain Baile Crann Craobh Sinsear Iománaíochta An Dúin an bhliain ceanna agus bá é seo an chéad uair riamh a bhain club amháin an dhá Chraobh Sinsear sa bhlian ceanna. Níor bhain muid Craobh Sinsear Iománaíochta An Dúin aris go dtí 2015.

Sa bhlian 2018, bhain Baile Crann Craobh Sinsear Iománaíochta An Dúin aris agus cháiligh muid do Cluiche Ceannais Uladh i ndiaidh bua mhór in éadan Sleacht Néill i mBéal Feirste. Ar an drochuair, chaill muid an Cluiche Ceannais in éadan Ruairí Óg, Bun Abhan Dalla.

Tá Baile Crann bhrodúil as bheith ‘Club Amháin’ agus tá muid ag déanamh iarracht bheith tábhachtach taobh istigh an Phobal. Tá muid ag togadh áiseanna úr don chlub agus an Phobal san am i láthair.

Our thanks to Seán Gilmore for translating over one thousand four hundred words into Irish.

Go raibh míle maith agat!